Skip to main content

Gaelsnap (2016)


Tá an comórtas seo dúnta, agus na buaiteoirí fógartha. 

 

Baineann 100,000 duine in Éirinn úsáid as Snapchat le pictiúir agus físeáin a sheoladh go cairde gach lá. Is féidir scéal a insint agus scagaire a roghnú le cur ar do phictiúir nó ar d'fhíseáin, áit ar féidir leat rudaí cosúil le teocht, am nó logainm a léiriú. Tá an-tóir ar na scagairí seo, go háirithe an scagaire tíreolaíochta atá ar fáil in áiteanna ar fud an domhain, in Éirinn ina measc.

 

Gaelsnap Dreacht 4

 

Tá scagairí tíreolaíochta ar fáil do roinnt mhaith contaetha go dtí seo, ach tá siad i mBéarla amháin. An dea-nuacht ná go bhfuil an-suim ag Snapchat scagairí tíreolaíochta a chur ar fáil as Gaeilge agus reáchtáil Conradh na Gaeilge comórtas le scagairí tíreolaíochta as Gaeilge a aimsiú do gach contae.

 

Bhí go dtí 19 Lúnasa 2016 ag gach duine le cur isteach ar an gcomórtas, agus fógraíodh na buaiteoirí i Mheán Fómhair 2016.

 

 

Áiteanna

Roghnaigh ainm do chontae ón liosta thíos

 

Laighin Leinster   Connachta Connaught
Baile Átha Cliath Dublin   Gaillimh Galway
Ceatharlach Carlow   Liatroim Leitrim
Cill Chainnigh Kilkenny   Maigh Eo Mayo
Cill Dara Kildare   Ros Comáin Roscommon
Cill Mhantáin Wicklow   Sligeach Sligo
An Iarmhí Westmeath      
Laois Laois   Ulaidh Ulster
Loch Garman Wexford   Aontroim Antrim
An Longfort Longford   Ard Mhacha Armagh
Louth   An Cabhán Cavan
An Mhí Meath   Doire Derry
Uíbh Fhailí Offaly   An Dún Down
      Dún na nGall Donegal
An Mhumhain Munster   Fear Manach Fermanagh
Ciarraí Kerry   Muineachán Monaghan
An Clár Clare   Tír Eoghain Tyrone
Corcaigh Cork      
Luimneach Limerick      
Port Láirge Waterford      
Tiobraid Árann Tipperary      

GrafaicFilters ag bogadh

 

  • Caithfidh gach grafaic a bheith 100% úrnua

  • Gan aon lógó / trádmharc

  • Gan ghrianghraf nó haischlib sa ghrafaic

  • Bí cruthaitheach agus déan é tarraingteach

  • Ná clúdaigh an iomarca den scáileán

  • Déan cinnte go bhfuil sé ábhartha don áit agus go mbeidh daoine ag iarraidh úsáid a bhaint as

Moltaí iontrála

  • Seol gach iarratas go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. roimh mheán oíche Dé hAoine, 19 Lúnasa 2016
  • Tabhair do shonraí teagmhála dúinn chomh maith le cur síos gearr (níos lú na trí abairt) chun do shaothar ealaíne a mhíniú

  • Sábháil an comhad mar PNG trédhearcach, in oiriúint don idirlíon

  • Is gá go mbeadh an comhad 1080px ar leithead, 1920px in airde

  • Ní mór go mbeadh an comhad níos lú ná 300KB (comhad PNG)

  • Tá teimpléid ar fáil ó Snapchat agus is féidir iad íoslódáil anseo i gcomhair PhotoshopIllustrator

 


Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.