Scéim nua de chuid BÁC le Gaeilge le frásaí simplí a úsáid leis an Ghaeilge a spreagadh i siopaí Bhaile Átha Cliath
Inné, 9 Márta 2024, seoladh “Give Gaeilge a Go”, scéim nua de chuid BÁC le Gaeilge dírithe ar mhiondíoltóirí sa chathair. Tá an scéim le cúig fhrása shimplí a chur chun cinn le gur féidir leo comhrá trí Ghaeilge a spreagadh agus an Ghaeilge a úsáid sna siopaí atá le páirt a ghacadh sa scéim. Thug Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, cuairt ar trí shuíomh éagsúla atá le páirt a ghlacadh sa scéim: Troy’s Butchers, Sráid Uí Mhóra; Trádálaithe Sráid Uí Mhóra; agus Hyne’s Bar, Bóthar na gCloch.
Tá BÁC le Gaeilge ag lorg 40 miondíoltóir lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath le páirt a ghlacadh sa scéim seo. Is féidir clarú ag baclegaeilge.ie nó teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin (
Frásaí in úsáid mar chuid de “Give Gaeilge a Go”:
- Dia Duit…
- Ba Mhaith Liom…
- Le do thoil…
- Go Raibh Maith Agat!
- Slán!
Dúirt an Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste:
“Tá an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge sa tír i mBaile Átha Cliath. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil deiseanna acu siúd a labhraíonn Gaeilge gach lá ár dteanga dhúchais a úsáid sa phobal. Tugann an feachtas nua seo deis dúinn an Ghaeilge a fheiceáil, a úsáid agus a chleachtadh go laethúil. Molaim d’aon mhiondíoltóir atá lonnaithe sa chathair teagmháil a dhéanamh le BÁC le Gaeilge chun tús a chur lena n-aistear leis an teanga Ghaeilge a úsáid is a chur chun cinn.”
Dúirt Stiúrthóir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin:
“Tá luach as cuimse leis an nGaeilge, luach eacnamaíochta san áireamh. Tar éis dúinn scéim phíolótach a reáchtáil, chonaiceamar go raibh 400 custaiméar sa bhreis in aghaidh na bliana ag teacht díreach leis an Ghaeilge a úsáid sna gnólachtaí faoin scéim. Le €44 caite ar an mhéan ag an ghnáthdhuine sna siopaí, d’fhéadfadh le siopa suas le €17,600 breise a thógáil isteach in aghaidh na bliana as na custaiméirí breise sin a bheith acu. Tá deis iontach againn anseo tionchar a imirt ar líon na gcainteoirí laethúla i mBaile Átha Cliath. Cruthaíonn an teanga nasc uathúil le custaiméirí agus le scéim ‘Give Gaeilge a Go’, is féidir le daoine ar gach cumas Gaeilge páirt a ghlacadh ann. Tá go leor tacaíochtaí saor in aisce ag BÁC le Gaeilge chomh maith do ghnólachtaí. Ba bhreá linn cloisteáil ó ghnólacht ar bith gur mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ina n-ionad oibre.”
Tuilleadh eolais faoin scéim anseo.